Laurel Hill Coláiste FCJ Meánscoil lán-Ghaeilge do chailíní i Luimneach

Surfáil sa Leacht

17-Deireadh Fómhair-25
Surfáil sa Leacht

Surfáil sa Leacht

Ag tús na bliana, chuaigh an Idirbhliain go léir síos go dtí an Leacht, Co. an Chláir i gcomhair lae súrfála. Bhí mé féin ar bís faoi seo mar is aoibhinn liom an surfáil agus is baile álainn í an Leacht. D’fhág an bus go luath ar maidin. Bhíomar ar fad tuirseach traochta fós ach bhí a lán spraoi ar an mbus síos. D’éisteamar le ceol, d’imríomar cluichí agus bhíomar ag caint agus gáire lenár gcairde.

Nuair a shroicheamar an Leacht, bhí beagáinín am saor againn roimh thús a chur leis na ceachtanna surfála. D’imríomar sa pháirc imeartha go dtí go raibh sé in am dul amach ar an uisce. Ansin roinneamar i ndá ghrúpa: ceann maidne agus ceann trathnóna. Bhí mé sa ghrúpa tráthnóna agus mar sin bhí am agam chun greim le hithe a fháil. Bhí ocras an domhain orm agus bhí mé an-bhuíoch as na pancóga a fuair mé i mbialann áitiúil (Bhí said ar fheabhas!) Fuair mise agus mo chairde milseáin i siopa beag don turas bus ar ais – ag pleanáil chun cinn, mar a déarfá!

Ar 12.30 bhí sé in am dúinn dul san uisce. Fuaireamar ár gculaith fhliuch ón scoil surfála agus síos chuig an trá linn. Thaispeáin na teagascóirí na rudaí bunúsacha dúinn agus chuamar isteach san uisce lenár gcláir surfála. Beagnach díreach tar éis dul isteach san uisce, bhí mé thuas ar an gclár, leis an ngaoth i mo chuid gruaige agus blas goirt an uisce ar mo bheola. Níor thóg sé ach cúpla nóiméad go dtí go raibh gach duine ag surfáil freisin, fiú na daoine nach ndearna é riamh roimhe. Bhí na teagascóirí an-chabhrach leis na tosaitheoirí agus leis na daoine a raibh taithí acu araon.

Choimeád ár gcultacha fliucha muid te teolaí; níor mhothaigh mé an fuacht in aon chaoi. Bhí spraoi ollmhór againn. Uair amháin d’éirigh liomsa agus le duine de mo chairde dul aníos ar an tonn céanna 5 huaire! Tar éis dhá uair a chloig, áfach, bhí orainn an fharraige a fhágáil. Ba é seo an t-aon chuid den lá nár bhain mé taitneamh as. Ní raibh fonn orm an trá sin a fhágáil riamh! Ach ansin thug mé m’ocras faoi deara agus smaoinigh mé ar na milseáin a raibh i dtaisce i mo mhála agus vroom- bhí mé imithe!

Chaitheamar an turas bus ar ais ag caint agus ag comhrá faoi eachtraí iontacha an lae. Bhí mé réidh don leaba nuair a thángamar ar ais, timpeall leathuair tar eis a trí! Lá foirfe a bhí ann, gan aon agó!

Lára Ní Bhrádaigh

Surfáil sa LeachtSurfáil sa LeachtSurfáil sa LeachtSurfáil sa LeachtSurfáil sa LeachtSurfáil sa LeachtSurfáil sa LeachtSurfáil sa LeachtSurfáil sa Leacht
Contact
Laurel Hill Coláiste FCJ,
Cnoc na Labhras,
Luimneach,
V94CR26,
Éire.



Uimhir Rolla: 64270P

Location
© 2025 Laurel Hill Coláiste FCJ