An Treabhdóireacht
Ar an 16ú lá de Meán Fomhair, chuaigh an Idirbhliain ina h-iomlán go dtí an Comórtas Náisiúnta Treabhdóireachta le Bn Uí Ruáin agus Bn Uí Arrachtáin, na múinteoirí Eacnamaíocht Bhaile agus bhí lá iontach againn. Thosaigh an turas 2.5 uair go dtí An Screagán, Co. Uíbh Fhailí ar a 7 a clog ar maidin. Bhí sé an-luath do roinnt dínn! Bhí a lán tráchta ar an mbóthar agus mar sin thóg sé níos mó ama ná mar a bhí beartaithe ár gceannscríbe a bhaint amach ach caithfear a rá, in aineoinn a luaithe agus cé chomh fada is a bhí sé, bhí an turas bus an-spraoiúil – ag éisteacht le ceol agus ag canadh, gan amhras!
Nuair a shroicheamar an carrchlós bhí faoiseamh ar gach duine go raibh an turas thart. Bhíomar ar bís freisin go raibh an ghrian ag spalpadh anuas orainn – cé go raibh sé fliuch mórthimpeall orainn. Chuireamar orainn na buataisí a chomhairligh na múinteoirí dúinn iad a bhreith linn agus bhíomar réidh don láib. Tar éis siúlóide ón mbus agus na ticéid bheith scanta, bhíomar istigh!!
Bhí an láthair í féin an-mhór agus cinnte bhí saghas mearbhaill ar chuid mhór dínn mar bhí an áit dubh le daoine, le scoláirí óna lán scoileanna difriúla ar fud na háite. Chuamar i ngrúpaí beaga timpeall na háite, ag féachaint ar na seastáin éagsúla agus ag dul isteach sna siopaí difriúla. Bhí na scuainí le haghaidh roinnt de na siopaí – O’ Neills agus SOS Cookies, mar shampla - ró-fhada agus ní rabhamar ag iarraidh fanacht sna scuainí sin. Bhí gach saghas seastáin ann gurbh fhéidir leat é shamhlú – ó sheastáin bia agus milseog go seastáin le tarracóirí nó seastáin le smidiú – neart rogha agus réimse mór! Ní gá a rá ach an oiread gur thaitin sé go mór linn nuair a fuaireamar margadh – nó níos fearr arís – nuair a d’éirigh linn rudaí saor in aisce a fháil. Bhí aonach siamsaíochta ar an láthair chomh maith agus bhí na síobanna siamsaíochta an-chorraitheach ach beagáinín costasach.
Tar éis 5 huaire spraoiúil, bhíomar go léir sásta a bheith ar ais ar an mbus lenár gcuid freebies!! Agus gan amhras, thosnaíomar ag canadh arís agus muid ag tabhairt aghaidhe ar Luimneach – an tiománaí bocht!
Buíochas mór le hIn. Ní Bhroin, as an turas a eagrú dúinn agus le Bn Uí Ruáin agus Bn Uí Arrachtáin as dul linn agus as muid a choimeád slán sábháilte. Go raibh míle maith agaibh, a mhúinteoirí. Bhí lá eachtrúil, speisialta againn!
Aoife Ní Dhuinneagáin, Florence Ní Fhreaghaile, Isbéal Ní Uigín agus Tilly Mordan