Is cúis mhór bhróin do chomhluadar uilig Choláiste Chnoc na Labhras bás ár n-iarphríomhoide, ár gcomhghleacaí agus ár gcompánach dhil, Áine Bn. Uí Mhordáin. Déanaimid comhbhrón ó chroí lena fear céile Wally, maraon lena bpáistí - Sarah, Damien, Rachel agus Adrian, a gcéilí siúd - Caitríona, Graham, Kent agus Trisha, lena ngarpháistí ionúíne - Aramis, Tilly, Noah, Tom, Dan, Odhran, Isla, Cian, Seán agus Daisy, lena deirfiúracha Julia, Mary agus Kathleen, lena deartháireacha Brendan, Kieran agus Gerard agus lena clann agus a cairde uilig.
Ba bhean inspioráideach agus chomhbhách í Anne a bhí mar an gcéad phríomhoide tuata i gCnoc na Labhras agus a d’ionchollaigh croí-eiteas na Siúracha FCJ: compánachas, barr feabhais, séimhe, dínit, muinín agus ceartas. Le linn a blianta seirbhíse in LHC, mar mhúinteoir ó 1971, mar leas-phríomhoide ó 1974 agus mar phríomhoide ó 1994-2005, threoraigh sí ár bpobal scoile uilig le h-eagna, le comhbhá agus le neart agus spreag sí idir mhúinteoirí agus dhaltaí lena tiomantas don bharr feabhais san oideachas, lena dúthracht, lena síordhearfacht agus lena compánachas do chách.
Tá rian a h-oidhreachta le brath ar Laurel Hill Coláiste agus ar an gcomhluadar scoile uilig go dtí an lá atá inniu ann agus is méala mór dúinn a cailliúint. Deireadh ré atá tagtha agus gan aon agó, ní bheidh a leithéid arís ann.
Codladh sámh, a Bhean Uí Mhordáin uasail, agus leaba i measc na n-aingeal go raibh agat.
It is with the deepest regret that we share the sad news of the passing of our beloved past principal and teacher, Anne Mordan. We extend our heartfelt sympathy to her husband Wally, her children - Sarah, Damien, Rachel and Adrian, their partners - Caitríona, Graham, Kent and Trisha, her grandchildren - Aramis, Tilly, Noah, Tom, Dan, Odhran, Isla, Cian, Seán and Daisy, her sisters Julia, Mary agus Kathleen, her brothers Brendan, Kieran agus Gerard and to the many friends who loved her deeply.
Anne was our first lay principal here at Laurel Hill Coláiste FCJ and was the embodiment of the core values that inform the FCJ ethos: companionship, excellence, gentleness, dignity, hope and justice. She was an inspirational leader, an empathetic colleague and a dedicated teacher. During her many years of service here at LHC – as a teacher from 1971, a Deputy-Principal from 1974 and Principal 1994-2005, she led our school community with tremendous spirit, kindness, strength and wisdom. She encouraged us all – students and staff alike – to be our best selves and to be faithful companions to one another.
Her incredible legacy lives on every day in Laurel Hill Coláiste FCJ.
Go dtuga Dia suaimhneas síoraí dá hanam uasal.