Comhairle Na dTuistí (Parents' Council)
Cad é Comhairle na dTuistí?
Is grúpa tuismitheoirí agus caomhnóirí iad Comhairle na d’Tuistí, a oibríonn go deonach ar imeachtaí a théann chun tairbhe do phobal na scoile i Laurel Hill Coláiste FCJ. Oibríonn an grúpa seo leis an mBord Bainistíochta, leis an bpríomhoide agus le foireann na scoile, chun ceangal éifeachtach a chruthú idir ár scoil agus an baile. An príomhaidhm atá ag ár gComhairle na dTuistí ná le modh cumarsáide dearfach agus oscailte a chur chun cinn idir tuismitheoirí/caomhnóirí agus foireann na scoile i gcónaí.
Cad a dhéanaimid?
An ról atá ag Comhairle na dTuistí:
Ta ról lárnach ag Comhairle na dTuistí i saol na scoile. Tá sé de bhuntáiste ag Laurel Hill Coláiste FCJ Comhairle na dTuistí an-ghníomhach agus fuinniúil a bheith againn ag tacú go mór leis an bhfoireann agus leis na scoláirí. Eagraíonnan an grúpa seo gníomhaíochtaí a théann chun tairbhe do phobal na scoile, ina measc:
- Cumarsáid: Ag obair i gcomhpháirtíocht leis na páirtithe leasmhara difriúla, an ról lárnach atá acu ná chun modh cumarsáide dearfach idir tuismitheoirí, an Bord Bainistíochta, an Príomhoide, an fhoireann, na scoláirí agus an pobal a chur chun cinn, ar mhaithe le scoláirí na scoile.
- Tacaíocht:Tugann an Chomhairle tacaíocht do thuismitheoirí sa scoil a bheith gníomhach i gcúrsaí oideachais a gcuid scoláirí m.sh Aoi-chainteoirí a chur ar fáil le labhairt le tuismitheoirí ar réimse ábhar - ina measc, bulaíocht, scileanna staidéir srl.
- Ag Tiomsú Airgid: Ag bailiú airgid, den chuid is mó.Tá an Chomhairle thar a bheith díograiseach maidir le tacaíocht airgeadais a chur ar fáil, trí airgead a thiomsú ar son na scoile. Eagraíonn siad imeachtaí éagsúla agus déanann an t-airgead seo an caighdeán oideachais agus raonna saoráidí acmhainne sa scoil a shaibhriú - m.sh déantar maoiniú ar bhusanna, ar ócáidí ceiliúrtha agus eile, le cur le heispéaras na ndaltaí uile. Gach bliain, eagraíonn an coiste an seó faisin agus i bhfad níos mó.
- Comhairle:Tugann siad comhairle i leith polasaithe scoile a fhorbairt agus pleananna m.sh tá ionchur acu i bpolasaithe Obair Bhaile, Frith-bhulaíocht srl.
Cé muid?
Tá na tuismitheoirí agus caomhnóirí go léir sa scoil mar bhaill de Comhairle na dTuistí, Laurel Hill Coláiste FCJ. Coiste deonach muid, agus tagaimid le chéile go rialta i rith na scoilbliana, chun plé a dhéanamh ar ábhair scoile agus le h-imeachtaí a eagrú ar son na scoile. Tá lán-fháilte roimh thuismitheoir ar bith sa scoil teacht ag obair linn ar an gcoiste agus iarraimid oraibh teacht chuig an gcruinniú bliantúil CCB/AGM.
Fógrófar an dáta roimhré gach bliain don Chruiniú Cheann Bliana (CCB) de Chomhairle na dTuistí tríd córas bainistíochta fáisnéise na scoile.
Parents' Council
What is the Parent’s Council?
The Parents’ Council is a group of parents and guardians who voluntarily work on activities for the benefit of the school community in Laurel Hill Coláiste FCJ. This group works with the Principal, staff and Board of Management (BOM) to build an effective partnership between our school and home. The main purpose of our Parents' Council is to promote positive, open channels of communication between the parents/guardians and the school staff.
What do we do? (The Role of the Parents' Council)
Our Parents' Council plays an important role in school life. Laurel Hill Coláiste FCJ is fortunate to have a very active and energetic parents' council, supporting staff and students in school activities. This group organises activities to benefit the school community including:
- Communication: Working in partnership with the different stakeholders, one of their central roles is to promote positive communication channels between parents, BOM, the Principal, staff, students and the wider community for the betterment of the students of the school.
- Support: The Council supports parents in being active in their children’s education, i.e. Guest speakers to speak to parents about a variety of topics including, bullying, study skills etc.
- Fundraising: For the most part, they organise fundraising events. The Council are diligent regarding the provision of financial support and fundraise for the school. They organise various events and the money raised enriches the standard of education as well as resource facilities i.e. contributions are made to the school for buses to matches, celebratory events, and other sundry occasions when we can enhance the student experience. Each year we organise a fashion show.. and much more!
- Advice: The Council give advice on the development of school policies and plans i.e they have input into school policies such as, Anti-Bullying and Homework Policies.
Who are we?
All parents and guardians of students in Laurel Hill Colaiste FCJ are members of the Parents' Council. We are a voluntary committee, and we come together regularly throughout the year. We meet during school term, to discuss school issues, projects, fundraising and event organisation for the school.
Any parent is welcome to join the committee and we encourage you to attend our AGM each year.
Parents' Council AGM
The date for the Annual General Meeting of the Parents' Council is communicated in advance each year through the School's Managment Information System.
Is mian le Laurel Hill Coláiste FCJ, an deis seo a thapú chun buíochas a ghabháil leis na comhaltaí reatha agus leis na hiar-chomhaltaí go léir faoi a bheith páirteach sa chumann luachmhar seo agus as ucht bhur gcuid tacaíochta leanúnach thar na blianta.
Laurel Hill Coláiste FCJ would like to take this opportunity to thank our current members of the Parents' Council as well as past members for being part of this valuable association, and for your continued support over the years.